Maoiniú

Maoiniú

Sa chuid seo den suíomh Gréasáin, tugtar faisnéis ar gach gné den mhaoiniú faoin gClár Cultúir 2007-2013 lena n áirítear: conas iarratas a dhéanamh; spriocdhátaí maoinithe; agus conas comhpháirtithe tionscadail a aimsiú.

Ná déan dearmad féachaint ar leathanach na gCeisteanna Coitianta ar a dtugtar liosta de shaincheisteanna coitianta a bhaineann le maoiniú agus leis an gClár Cultúir. 

Spriocdhátaí maoinithe

Tá féilire seasta spriocdhátaí ag an gClár Cultúir le haghaidh na tréimhse maoinithe 2007–2013. Tugtar sonraí maidir le spriocdhátaí maoinithe sa tábla thíos.          

Gníomh                 Spriocdháta                Dáta tosaithe            Fad             

Sraith 1.1 Tionscadail Chomhoibrithe Ilbhliantúla

1 Deireadh Fómhair 2010 (an dáta seo nó gar dó)

1 Bealtaine 2011

3-5 bliana

Sraith 1.2
Tionscadail chomhoibrithe
1 Deireadh Fómhair 2010 (an dáta seo nó gar dó)

1 Bealtaine 2011

Uasmhéid de 24 mí

Sraith 1.3 Tionscadail chomhoibrithe le Tríú Tíortha    3 Bealtaine 2010 1 Samhain 2010   Uasmhéid de 24 mí

Sraith 1.2.2 Tionscadail aistriúcháin liteartha

3 Feabhra 2010 1 Meán Fómhair 2010 Uasmhéid de 24 mí
Sraith 1.3.6 Tacaíocht d'Fhéilte Cultúrtha
na hEorpa
15 Samhain 2010 Idir 1 Bealtaine 2011 agus 30 Aibreán 2012 Uasmhéid de 12 mí

Sraith 2 Deontais oibriúcháin bhliantúla

15 Meán Fómhair 2010 An bhliain airgeadais i ndiaidh chur isteach an iarratais. Bliain airgeadais 2011

Sraith 2 Deontais oibriúcháin ilbhliantúla (3 bliana)

15 Meán Fómhair 2010 Bliain airgeadais 2011 Blianta airgeadais 2011-2013

Ar ais go barr

Treoir cláir - Clár Cultúir 2007-2013 

Tá sé mar aidhm ag an treoir cláir (PDF, 400 KB) cabhrú leo siúd a bhfuil spéis acu tionscadail a fhorbairt nó tacaíocht airgeadais a fháil le haghaidh a ngníomhaíochtaí buana laistigh den Chlár Cultúir (2007-2013). Cabhraíonn sé leo tuiscint a fháil ar na cuspóirí agus ar na sraitheanna le haghaidh an chláir agus, dá bhrí sin, ar na cineálacha gníomhaíochtaí ar féidir (nó nach féidir) tacú leo.