FAQs
Sa chuid seo, tugtar roinnt ceisteanna coitianta a chuirtear maidir le maoiniú faoin gClár Cultúir. Is le critéir maoinithe agus cáilitheachta is mó a mbaineann na ceisteanna seo. Is féidir liosta de Cheisteanna Coitianta a fháil freisin ar shuíomh Gréasáin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais Clos-Amhairc agus Cultúir (EACEA) anseo.
- Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar thionscadail Chlár Cultúir an AE?
- Céard iad na príomhearnálacha atá cuimsithe ag an gClár Cultúir?
- Céard iad na tíortha atá incháilithe chun páirt a ghlacadh sa chlár?
- Céard iad na gníomhartha a mhaoinítear faoin gclár?
- Céard é íoslíon na gcomheagraithe i dtionscadail bhliantúla agus chomhoibrithe?
- Cén chaoi a roghnaítear na tionscadail?
- Céard é uasfhad na dtionscadail, agus céard é tréimhse incháilitheachta an chaiteachais a bhaineann le cur i bhfeidhm an tionscadail?
- An féidir brabús a dhéanamh ar thionscadal?
- An ann do chritéir shainiúla maidir le costais riaracháin foirne na dtionscadal?
- An féidir iarratas a dhéanamh le haghaidh roinnt tionscadail éagsúla?
- Céard iad na costais atá incháilithe?
- Cé mhéad maoinithe a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil, agus cé mhéad maoinithe a bhíonn ar na rannpháirtithe a chur ar fáil?
- Cén chaoi ar féidir liom an cómhaoiniú 50% a thiomsú atá riachtanach le haghaidh Tionscadail Chomhoibrithe?
- An iarrtar ar chomheagraithe ranníocaíocht íosta a chur ar fáil i leith ioncam an tionscadail?
- Céard é ról an chomheagraí sa tionscadal, agus céard é an difríocht idir an ról sin agus ról cheannaire an tionscadail?
- Céard é ról cheannaire an tionscadail?
- Céard is comhpháirtí gaolmhar ann?
- Céard é ról an chomhordaitheora (tairbhí)?
- Céard iscomhthairbhí ann?
- Céard is comheagraí (comhthairbhí) ann?
- Céard is sainordú ann?
1. Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar thionscadail Chlár Cultúir an AE?
Ní féidir ach le heagraíochtaí a bhfuil stádas dlíthiúil acu agus a mbaineann a gcuid oibre le réimse an chultúir iarratas a dhéanamh.
2. Céard iad na príomhearnálacha atá cuimsithe ag an gClár Cultúir?
Tá cur chuige ilearnála mar thréith lárnach den Chlár Cultúir, a chuimsíonn gach foirm den chultúr lena n áirítear na taibh-ealaíona agus na físealaíona, oidhreacht agus aistriúcháin liteartha. Cuimsítear foirmeacha ealaíne closamhairc faoin gClár Media.
3. Céard iad na tíortha atá incháilithe chun páirt a ghlacadh sa chlár?
27 Ballstát an Aontais Eorpaigh, trí thír an LEE/CSTE (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua), tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht an AE (an Chróit, an Tuirc, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, an tSeirbia). Tá Meabhrán Tuisceana sínithe le déanaí ag Montainéagró, agus tá páirt á glacadh anois ag Montainéagró sa Chlár Cultúir.
D'fhéadfadh sé go mbeadh na tíortha eile sna Balcáin Thiar (an Albáin agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin) i dteideal páirt a ghlacadh amach anseo, faoi réir Meabhrán Tuisceana a thabhairt i gcrích maidir lena rannpháirtíocht sa chlár.
Féachfar ar gach tír nach bhfuil cuimsithe faoin liosta thuas mar Thríú Tír.
4. Céard iad na gníomhartha a mhaoinítear faoin gclár?
Tacaíonn an clár le trí shraith gníomhaíochtaí: gníomhartha cultúrtha; tacaíocht le comhlachtaí cultúir ar leibhéal na hEorpa; gníomhaíochtaí anailíse agus scaipthe.
Sraith 1, Gníomhartha cultúrtha
Baineann an tsraith seo le tuairim is trí cheathrú de bhuiséad an chláir, agus cuireann sí ar chumas réimse leathan d'eagraíochtaí cultúir ó thíortha éagsúla san Eoraip comhoibriú ar thionscadail ealaíonta agus chultúir thrasnáisiúnta. Tá na fochatagóirí seo a leanas mar chuid den tsraith sin:
Sraith 1.1 - Tionscadail chomhoibrithe ilbhliantúla
- Fad na dtionscadal: 3 - 5 bliana
- Cur síos: Tionscadal comhoibrithe trasnáisiúnta
- Líon na gcomhpháirtithe de dhíth: 6 cinn, ó 6 thír cháiliúcháin ar a laghad
- Maoiniú: Tairgtear maoiniú suas le 50% den bhuiséad iomlán ar a mhéad: idir €200,000 agus €500,000 in aghaidh na bliana
Sraith 1.2.1 - Tionscadail chomhoibrithe
- Fad na dtionscadal: 1 - 2 bhliain
- Cur síos: Tionscadal comhoibrithe trasnáisiúnta
- Líon na gcomhpháirtithe de dhíth: 3 cinn, ó 3 thír cháiliúcháin ar a laghad
- Maoiniú: Suas le 50% den bhuiséad iomlán ar a mhéad: idir €50,000 agus €200,000 in aghaidh an tionscadail
Sraith 1.2.2 - Tionscadail aistriúcháin liteartha
- Fad na dtionscadal: suas le 2 bhliain
- Cur síos: Tacaíonn an tsraith seo le saothair liteartha a aistriú ó theanga Eorpach amháin go teanga Eorpach eile
- Maoiniú: Suas le 50% den chostas incháilithe ar a mhéad: idir €2,000 agus €60,000 in aghaidh an tsaothair
Sraith 1.3 - Tionscadail chomhoibrithe le Tríú Tíortha
- Fad na dtionscadal: 1 - 2 bhliain
- Cur síos: Tionscadal comhoibrithe trasnáisiúnta
- Líon na gcomhpháirtithe de dhíth: 3 cinn, ó 3 thír cháiliúcháin san Eoraip ar a laghad, agus 1 chomhpháirtí amháin ó Thríú Tír cháilithe (foilsítear na Tríú Tíortha maidir le gach bliain ar shuíomh Gréasáin an Chláir Cultúir.
- Maoiniú: Suas le 50% den bhuiséad iomlán ar a mhéad: idir €50,000 agus €200,000 in aghaidh an tionscadail
Sraith 1.3.6 - Tacaíocht d'Fhéilte Cultúrtha Eorpacha
- Fad na dtionscadal: suas le 1 bhliain amháin
- Cur síos: Tacú le féilte cultúrtha Eorpacha d'fhonn malartuithe taithí a spreagadh trí shoghluaiseacht gairmithe Eorpacha i réimse an chultúir, saothair chultúrtha a chur i gcúrsaíocht trí dheis a thabhairt don lucht féachana agus éisteachta is mó agus is féidir saothair chultúrtha neamhnáisiúnta Eorpacha a rochtain, agus idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn.
- Ní mór saothair ó 7 dtír ar a laghad atá rannpháirteach sa Chlár a bheith cuimsithe i gclársceidealú na bliana roimhe agus i gclársceidealú sealadach na bliana a n iarrtar an tacaíocht lena haghaidh.
- Maoiniú: Suas le 60% de na costais incháilithe ar a mhéad - suas le huasmhéid de €100,000
Bearta speisialta, a bhaineann le gníomhartha iomráiteacha a bhfuil scála suntasach agus scóip shuntasach acu. Baineann imeacht Phríomhchathair Chultúir na hEorpa leis an bhfoshraith seo.
Sraith 2, tacaíocht do chomhlachtaí cultúir ar leibhéal na hEorpa
i bhfoirm deontais oibriúcháin, baineann an tsraith seo le tuairim is 10% de bhuiséad an chláir. Tá an tsraith roinnte ina ceithre chatagóir: Ambasadóirí Cultúrtha Eorpacha; Líonraí Tacaíochta; Féilte; Struchtúir Tacaíochta Beartas don Chlár Oibre Cultúrtha.
Sraith 3, tacaíocht d'anailís ar an bhfaisnéis agus dá scaipeadh
Tacaíonn Sraith 3 le gníomhaíochtaí anailíse agus scaipthe, agus baineann tuairim is 5% de bhuiséad an chláir leis an tsraith seo. Déanann na gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tsraith seo iarracht feasacht a mhúscailt maidir leis an gClár Cultúir agus lena ghníomhaíochtaí i mbealaí éagsúla. Ar an gcéad dul síos, dírítear ar thacaíocht a sholáthar d'anailís i réimse an chomhoibrithe chultúrtha agus na forbartha beartas. Ansin, dírítear ar thacaíocht a thabhairt do phointí teagmhála cultúrtha a chinnteoidh go scaipfear go héifeachtach faisnéis phraiticiúil agus spriocdhírithe i leith an chláir i measc an ghnáthphobail i ngach tír rannpháirteach. Ar deireadh, dírítear ar thacaíocht a thabhairt do bhailiú agus scaipeadh faisnéise, ionas go mbeidh oibritheoirí cultúrtha ábalta úsáid a bhaint as aschur agus torthaí na dtionscadal atá á maoiniú cheana féin ag an AE.
5. Céard é íoslíon na gcomheagraithe i dtionscadail bhliantúla agus chomhoibrithe?
Bíonn 3 chomheagraí ar a laghad (lena n áirítear ceannaire an tionscadail) ó 3 thír rannpháirteacha ar a laghad de dhíth le haghaidh tionscadail chomhoibrithe. Bíonn 6 chomheagraí ar a laghad (lena n áirítear ceannaire tionscadail) ó 6 thír rannpháirteacha ar a laghad de dhíth le haghaidh tionscadail ilbhliantúla.
Eisceacht is ea tionscadail aistriúcháin: is féidir deontas a bhronnadh ar fhoilsitheoir amháin nó ar ghrúpa foilsitheoirí.
6. Céard é ról an chomheagraí sa tionscadal, agus céard é an difríocht idir an ról sin agus ról cheannaire an tionscadail?
Ní mór do cheannaire an tionscadail agus do na comheagraithe ról sainiúil ríthábhachtach a bheith acu i ndearadh agus i gcur i bhfeidhm an tionscadail araon. Ní mór na róil luaite a roinnt i measc na rannpháirtithe éagsúla. Tá sé ríthábhachtach go ndéanann na comheagraithe agus ceannaire an tionscadail an smaoineamh a fhorbairt ina thionscadal lena chéile, fiú dá mba rud é gurbh ó chomheagraí nó ó cheannaire tionscadail amháin a fuarthas an smaoineamh i dtosach. Ní mór páirt gach rannpháirtí a léiriú go soiléir in iarratas an tionscadail.
7. Cén chaoi a roghnaítear na tionscadail?
Clár láraithe is ea an Clár Cultúir agus dá bhrí sin ní mór iarratas tionscadail a sheoladh díreach chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Clos-Amhairc agus Cultúir sa Bhruiséil. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú agus roghnú.
- Is é an Coimisiún a dhéanann seiceáil theicniúil ar na critéir cáilitheachta. Ní bheidh iarratas ar bith nach bhfuil comhlánaithe i gceart nó a bhfuil mír ar bith in easnamh ann incháilithe don roghnú.
- Déanann coiste saineolaithe neamhspleácha measúnú ar gach tionscadal ann féin, de réir córas pointí. Tugtar sonraí ar chritéir na bpointí sa Treoir Cláir.
- Maireann an próiseas tuairim is 4 mhí de ghnáth, ón uair a chuirtear isteach an t iarratas go dtí go roghnaítear tionscadail nó go ndiúltaítear dóibh agus go dtí go n eisítear conarthaí.
Tá sé tábhachtach a lua nach bhfuil baint ar bith ag an bPointe Teagmhála Cultúrtha le roghnú na dtionscadal.
8. Céard é uasfhad na dtionscadail, agus céard é tréimhse incháilitheachta an chaiteachais a bhaineann le cur i bhfeidhm an tionscadail?
Ní mór go mairfeadh Sraith 1.1 ar feadh 3 bliana ar a laghad agus ar feadh 5 bliana ar a mhéad, agus ní mór tionscadail a thosú faoin dáta sainiúil atá luaite sa ghlao ar iarratais. De ghnáth, is é an dáta seo ná an 1 Bealtaine sa bhliain i ndiaidh an iarratais.
Ní mór Sraith 1.2.1 a dhéanamh laistigh de thréimhse 2 bhliain, agus níl ann d'íosriachtanas maidir leis an bhfad. Ní mór tionscadail a thosú faoin dáta sainiúil atá luaite sa ghlao ar iarratais. De ghnáth, is é an dáta seo ná an 1 Bealtaine sa bhliain i ndiaidh an iarratais.
Maidir le tréimhse incháilitheachta an chaiteachais i leith an tionscadail, maireann an tréimhse seo ón dáta a shíníonn an dá pháirtí an conradh atá dáfa. Níl ioncam nó caiteachas a taobhaíodh roimh dháta tosaithe oifigiúil an tionscadail incháilithe le háireamh i mbuiséad an tionscadail.
9. An féidir brabús a dhéanamh ar thionscadal?
Ní féidir. I gcás ina bhfaighfear ioncam ó na gníomhaíochtaí a dhéanfar mar chuid den tionscadal, ba cheart méid measta an ioncaim sin a áireamh sa chuid den bhuiséad ina dtagraítear do ranníocaíocht ón tionscadal.
Má tharlaíonn sé le linn an tionscadail go bhfuil an méid iarbhír a thabhaítear níos lú ná an costas measta iomlán, laghdóidh an Coimisiún a ranníocaíocht i gcomhréir leis sin. Má dhéantar brabús airgeadais ar an tionscadal, ní mór an maoiniú a dhámh an Coimisiún a aisíoc go dtí leibhéal an bhrabúis a réadaítear.
10. An ann do chritéir shainiúla maidir le costais riaracháin foirne na dtionscadal?
Ní cheadmhach costais riaracháin foirne an tionscadail a bheith níos mó ná 20% de mhéid iomlán gach caiteachais dhírigh. Ní féidir costais na foirne atá fostaithe cheana féin ag d'eagraíocht a úsáid, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
- má thabhaítear na costais seo i gcur i bhfeidhm an tionscadail go heisiach;
- más féidir an céatadán d'am na foirne, agus na méideanna ábhartha, a bhaineann go heisiach le cur i bhfeidhm an tionscadail a leithlisiú agus a léiriú go soiléir le córais chuntasaíochta agus phárolla na gcomheagraithe ábhartha.
11. An féidir iarratas a dhéanamh le haghaidh roinnt tionscadail éagsúla?
Is féidir. Is féidir le hiarratasóir a bheith ina phríomheagraí nó ina chomheagraí i níos mó ná tionscadal amháin, ar an gcoinníoll go mbíonn na tionscadail sin difriúil óna chéile agus go mbaineann siad le gníomhaíochtaí atá go hiomlán difriúil óna chéile. Ní féidir le tionscadal ar bith níos mó ná deontas amháin ón AE a fháil. Dá bhrí sin, ní mór forluí ar bith i ndáil le maoiniú comhfhreagrach a sheachaint.
12. Céard iad na costais atá incháilithe?
Is iad na costais incháilithe na costais a thabhaíonn an tairbhí nó an comhthairbhí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:
- Tabhaítear iad i rith an tionscadail/na ngníomhaíochtaí ach amháin costais a bhaineann le tuarascálacha deiridh agus deimhnithe maidir le ráitis airgeadais agus bunchuntais an ghnímh
- Baineann siad le hábhar an chomhaontaithe, agus tá siad riachtanach chun an gníomh atá mar ábhar an deontais a chur i bhfeidhm
- Tá dhá chineál costais incháilithe ann: costais a aicmítear mar chostais dhíreacha incháilithe agus costais a aicmítear mar chostais indíreacha incháilithe
I measc na gcostas díreach incháilithe, áirítear:
- Costas na foirne atá sannta don ghníomh, lena n áirítear tuarastail, suas go huasmhéid de 20%. Tabhair faoi deara nach bhfuil i gceist anseo ach céatadán an ama a bhí sannta don tionscadal
- Taisteal agus cothú
- Costais a éiríonn go díreach as riachtanais a bhíonn ann de bharr chur i bhfeidhm an ghnímh (faisnéis a scaipeadh, measúnú sainiúil ar an ngníomh, iniúchtaí, aistriúcháin, atáirgeadh, srl)
- Trealamh marthanach a ghlacadh ar cíos nó a cheannach
- Costas tomhaltán agus soláthairtí
- Costas a éiríonn as conarthaí a dhámhtar d'fhonn an gníomh a chur i gcrích
I measc na gcostas indíreach incháilithe, áirítear:
- Costais ghinearálta riaracháin/oibriúcháin a thabhaítear ar féidir féachaint orthu mar chostais inmhuirir don ghníomh, méid ar ráta comhréidh, nach mbíonn os cionn 7% de na costais dhíreacha incháilithe.
Costais neamh-incháilithe
- Cion tairbhe comhchineáil
- Toradh ar chaipiteal
- Fiachas agus costais fónaimh d'fhiachas
- Soláthar le haghaidh caillteanas nó dliteanas a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo
- Ús dlite
- Fiacha amhrasacha
- Caillteanais ráta malairte (ráta cuntasaíochta)
- CBL, seachas nuair is féidir leis an tairbhí a léiriú nach féidir é a aisghabháil
- Costais atá fógraithe agus cuimsithe i ndáil le gníomh nó le clár oibre eile a fhaigheann deontas ón AE
- Caiteachas iomarcach nó meargánta
13. Céard é an tréimhse incháilitheachta?
Sonrófar an cháilitheacht le haghaidh caiteachais i gcomhaontú/i gcinneadh an deontais. Mar sin féin, ní fhéadfar deontas ar bith a dhámhachtain go siarghabhálach i leith gníomhartha a cuireadh i gcrích cheana féin
Ní fhéadfaí deontas a dhámhachtain le haghaidh gnímh atá tosaithe cheana féin ach amháin sa chás go bhféadfadh an t iarratasóir a léiriú gur gá an gníomh a thosú roimh an gcinneadh/gcomhaontú a shíniú
14. Cé mhéad maoinithe a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil, agus cé mhéad maoinithe a bhíonn ar na rannpháirtithe a chur ar fáil?
- Le haghaidh Sraith 1, tionscadail chomhoibrithe, cuirfidh an Coimisiún uasmhéid de 50% ar fáil don bhuiséad.
- Le haghaidh Sraith 2, deontais oibriúcháin, cuirfidh an Coimisiún suas le 80% ar fáil.
15. Cén chaoi ar féidir liom an cómhaoiniú 50% a thiomsú atá riachtanach le haghaidh tionscadail chomhoibrithe?
- Deontais a iarraidh ó eagraíochtaí eile (údaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta, fondúireachtaí srl)
- Gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid
- Urraíocht
- Bhur n acmhainní féin
Ní mór an buiséad a chomhardú .i. ní mór go mbeadh an caiteachas iomlán díreach cothrom leis an ioncam iomlán. Ní mór cruthúnas ar chómhaoiniú a áireamh sa tuarascáil dheiridh.
Tabhair faoi deara: ní fhaightear maoiniú dúbailte ón AE faoin gclár cultúir nó faoi chlár ar bith eile ar tairiscint.
16. An iarrtar ar chomheagraithe ranníocaíocht íosta a chur ar fáil i leith ioncam an tionscadail?
Ní iarrtar ranníocaíocht íosta ar leith a thuilleadh ó na comheagraithe. Mar sin féin, tá cáilíocht na comhpháirtíochta ar cheann de na critéir dámhachtana, rud a thugann le tuiscint go mbeidh tiomantas airgeadais ó gach comheagraí i gceist.
17. Céard é ról an chomheagraí sa tionscadal, agus céard é an difríocht idir an ról sin agus ról cheannaire an tionscadail?
Ní mór do cheannaire an tionscadail agus do na comheagraithe ról sainiúil ríthábhachtach a bheith acu i ndearadh agus i gcur i bhfeidhm an tionscadail araon. Ní mór na róil luaite a roinnt i measc na rannpháirtithe éagsúla. Tá sé ríthábhachtach go ndéanann na comheagraithe agus ceannaire an tionscadail an smaoineamh a fhorbairt ina thionscadal lena chéile, fiú dá mba rud é gurbh ó chomheagraí nó ó cheannaire tionscadail amháin a fuarthas an smaoineamh i dtosach. Ní mór páirt gach rannpháirtí a léiriú go soiléir in iarratas an tionscadail
18. Céard é ról cheannaire an tionscadail?
Gníomhaíonn ceannaire an tionscadail mar chomhshínitheoir dlíthiúil agus mar thairbhí an tionscadail. Tá ról comhordaithe ag ceannaire an tionscadail freisin. Ina theannta sin, nuair a chuirtear tionscadal i gcrích, ní mór do cheannaire an tionscadail tuarascáil ghníomhaíochta maidir leis na torthaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, lena n áirítear na cuntais deiridh. I gcás tionscadail ilbhliantúla, ní mór do cheannaire an tionscadail tuarascáil eatramhach, lena n áirítear cuntais eatramhacha, a chur isteach.
19. Céard is comhpháirtí gaolmhar ann?
Is éard is comhpháirtí gaolmhar ann ná oibreoir cultúrtha ó thír incháilithe nó ó Thríú Tír a ghlacann páirt i gcur i bhfeidhm gníomhaíochtaí beartaithe an tionscadail, ach ar mhéid agus ar leibhéal rannpháirtíochta níos lú ná mar a ghlacann comheagraí. Ní bhíonn costais a thabhaíonn comhpháirtithe gaolmhara incháilithe, ach amháin má dhéanann an comhordaitheoir agus/nó na comheagraithe na costais sin a íoc go díreach nó a aisíoc.
20. Cé hé an tairbhí?
An eagraíocht atá freagrach go dlíthiúil as cur i bhfeidhm an ghnímh le haghaidh tionscadail ghaolmhara agus a fhaigheann an deontas.
21. Céard é ról an chomhordaitheora (tairbhí)?
Oibreoir cultúrtha ó thír incháilithe a ghlacann ról comhordaitheora le linn chur i bhfeidhm an tionscadail.
Bíonn freagracht fhoriomlán ag sealbhóir an róil seo as na gníomhaíochtaí a thabhairt i gcrích de réir Chomhaontú/Chinneadh an Deontais, mar aon le páirt nithiúil ríthábhachtach i ndearadh, i gcur i bhfeidhm agus i maoiniú an tionscadail. Gníomhaíonn an comhordaitheoir mar chomhshínitheoir dlíthiúil an Chomhaontaithe Deontais.
22. Céard is comhthairbhí ann?
Is comhthairbhithe iad comheagraithe faoi shraith 1.1 Tionscadail Chomhoibrithe Ilbhliantúla, sraith 1.2.1 Tionscadail Chomhoibrithe, agus sraith 1.3 Tionscadail Chomhoibrithe le Tríú Tíortha. Dá bhrí sin, tá a gcuid costais a bhaineann leis an tionscadal incháilithe freisin. Is leis an gcomhordaitheoir amháin áfach a dhéanfar an comhaontú a thabhairt i gcrích agus a íocfar an deontas i gcónaí.
23. Céard is sainordú ann?
Ní mór do na comheagraithe sainordú a shíniú ina dtugann an sínitheoir cumhacht aturnae don chomhordaitheoir gníomhú ina ainm agus ar a shon le linn chur i bhfeidhm an tionscadail, agus ina ngeallann sé ranníocaíocht airgeadais ar leith a chur ar fáil don tionscadal. Ceanglaítear na sainorduithe sínithe ag na comheagraithe ar fad leis an iarratas agus ceanglaítear iad mar iarscríbhinn leis an gComhaontú Deontais má roghnaítear an tionscadal.
