Maidir Linne
Fáilte chuig suíomh gréasáin Phointe Teagmhála Cultúrtha na hEorpa in Éirinn.
Tá pointí teagmhála cultúrtha bunaithe sna Ballstáit agus i bhformhór na dtíortha eile atá ag glacadh páirt sa chlár. Tá siad freagrach as an gclár a chur chun cinn, rannpháirtíocht an méid gairmithe cultúir agus is féidir a éascú, malartú faisnéise le hinstitiúidí cultúir náisiúnta a chinntiú, teagmháil a chothú idir rannpháirtithe sna cláir éagsúla de chuid an Chomhphobail agus nasc a chothú chuig na foinsí faisnéise eile faoi na cláir éagsúla de chuid an Chomhphobail
Comhthéacs
Tá Pointí Teagmhála Cultúrtha ag feidhmiú i ngach tír atá ag glacadh páirt i gClár Cultúir an AE 2007-2013. Is é an ról atá acu ná an Clár Cultúir a chur chun cinn ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.
Bunaíodh an Clár Cultúir 2007-2013 chun an réimse cultúir a roinneann Eorpaigh, atá bunaithe ar chomhoidhreacht chultúrtha, a fheabhsú trí ghníomhaithe comhoibrithe a fhorbairt i measc oibritheoirí cultúrtha ó 34 trí incháilithe.
Tacaíonn an clár seo le heagraíochtaí cultúrtha a oibríonn i réimse an chultúir trí thacaíocht airgeadais a thairiscint, agus tá €400 milliún maoinithe faighte aige i gcomhair thréimhse seacht mbliana an chláir.
Pointe Teagmhála Cultúrtha na hÉireann
Tá cómhaoiniú á dhéanamh ar Phointe Teagmhála Cultúrtha na hÉireann ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle Ealaíon, áit a bhfuil a hoifigí. Cé go bhfuil sé lonnaithe ag an gComhairle Ealaíon, is é an Coimisiún a shainíonn na tosaíochtaí agus na cuspóirí.
Is é an ról atá ag Pointe Teagmhála Cultúrtha na hÉireann ná faisnéis phraiticiúil, comhairle agus cúnamh teicniúil agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd atá ag lorg maoinithe faoi Chlár Cultúir an AE 2007-2013.
Déanaimid sin mar a leanas:
- tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine atá ag lorg maoinithe faoin gClár Cultúir 2007-2013;
- seimineáir faisnéise agus imeachtaí líonraithe a óstáil i rith na bliana chun cabhrú le daoine oibriú go trasnáisiúnta ar fud na hEorpa agus naisc agus comhpháirtíochtaí a chruthú;
- cabhrú leo siúd a bhfuil suim acu ann páirt a ghlacadh i dtionscadail chomhoibritheacha le comhghleacaithe in áiteanna eile ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.
Tuilleadh eolais
Gheobhaidh tú faisnéis ar an suíomh gréasáin seo maidir leis an maoiniú atá ar fáil faoin gclár, chomh maith le sonraí maidir le conas iarratas maoinithe a dhéanamh.
Gheobhaidh tú freagraí ar roinnt ceisteanna coitianta agus is féidir leat féachaint ar chás-staidéir de thionscadail a maoiníodh faoin gclár cheana féin.
Ríomhphost: apg@artscouncil.ie
